Scoil: Doire Beag (B.)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 49

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 49

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag (B.)
  2. XML Leathanach 49
  3. XML “Seanduine Dhiarmada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sean Duine Dh’iarmada.
    Fad ó shoin bhí fear shíos dtigh Diarmuid Uí Comhghaill. Bhí sé ann ceithre bliadhna agus ní dhearn sé gáire no cainnt ar feadh na g-ceithre mbliadhan ach ag déanamh cípín. Ní íosfaidh sé dadamh acht preátaí rósta agus [inniúin]? Lá amháin dubhairt bean an toighe go rabh sé a dháth dó féin no dó dhuine ar bith eile. Ba ghnáchach leis na dálaigh a beith ag troid le muinnthir Chonnachta le bataí droighin ins an am sin fa’n eallach. “Tá cuideadh dhith indiu”, ar sise. Chruinnigh sé a chuid cipín uilig isteach i mála” dhéanfaidh mise obair mhaith indiu do mhuinnthir Gaoth Dobhair arsa an fear beag.
    D’imthigh sé sa’n aer. Bhí mhuinnthir Gaoth Dobhair shiar ag troid le mhuinnthir Chonnachta. Chaith sé na cipiní síos ar mhuinnthir Connachta agus mharbh sé iad. D’imhtigh na dalaigh agus an t-eallach leo na bhaile. Sin an cead bhó a tháinic go Gaoth Dobhair ariamh. Ní fhachas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán 'ach Giolla Bhrighde
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Carraig an tSeascainn, Co. Dhún na nGall