Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Crothbharr an dá chaora.Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí mac amháin aicí. Ba ghnathach leis a bheith ag buacailleacht dhá chaora. Crotbarr an tainm a bhí air agus baistead Crothbharr an da caora air.
Lá amháin dubairt sé le na mhathair go raibh sé ag dul a imtheacht a dhéanamh fhios dó fhéin.
D’imthigh sé ar scor ar bith, agus cuaidh sé ar fastódh ag feirmeoir. Chuir an feirmeoir amach ar maidín le na cuid eallaigh é agus d’iarr sé air ar a bhás gan a ghabhail a comair an talaimh sin thall mar dá rachadh go mairbhfheadh na trí fathaigh é. D’imthigh Crothbarr leis an eallach agus leig sé isteach ar talamh na bfatach iad agus d’imthigh se suas ar chrann ubhall a bhí ann. Nuair a bhí cuid de na ithte aige, thainig fear de na fathaigh agus d’iarr ar Crotbharr a theacht anuas. Thainig agus thoisigh an troid leo gur marbh Crotbarr é. Chuaidh sé na baile an oidhche sin agus níor leig sé a gath air fhéin leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruic Ac' Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruic Ac' Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Seascann Beag, Co. Dhún na nGall