Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá an roilg seo ar árdan in aice na fairrge. Tá sean ballog in a lár, binn tighe agus seort áit fuinneoige. Tá an fhuinneog caol fada, agus cumhang amuigh, agus leathan istigh. Bhí scolairí ag siubhal thart a shíl gur sean teampoll a bhí ann, acht ní h-eadh.
San am sin, b'fhéidir céad go leith bliadhain ó shoin, bhí na tigthe uilig déanta síos in aice na fairrge. Ní raibh áit Aifrinn ar bith ag na sagairt acht corr Domhnach i dteach annseo agus annsuid fríd na bailte.
An fear a bhí na comhnuidhe sa tsean teach seo, bhí giolla aige, agus chuir sé an giolla chun báis. D'fhuagair an sagart Aifreann sa teach, agus nuair a bhí sé i lár an Aifrinn, thuit deor fola ar an leoba. Bhí fhios aige annsin (go d) gur déarn fear a tighe dún-mharbhadh.
Chuir sé pionus air (roig) roilig a (tóg ail) tógail thart fa'n teach.- Bailitheoir
- Liam Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann