Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 184
- XML “Cóiriú na nDaoine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cóireadh na nDaoine.Bhí an méad éadaigh a bhithear a chaitheamh deanta sa bhaile. Bhí a gcuid olna féin ag na daoine, agus ghnithi í sniomh sa teach. Cuirtí annsin chuig figeadhoir de chuid na h-áite an snáth go ndeanta bainín [á]? ghnithe bainín bán gan dath, agus bainín brotach. Bhiodh olann dhubh go [mia]? Fríd an olann bán. Ghnithi dathanna amach as creatar na gcloch le snath a dhathadh fosta.
Gnithi an bainín a ramhadh sa bhaile, agus obair mhasglas a bá é seo. Suidead beirt na ceathrar fear, a mbonnaí tárnochta le chéile, agus theisigheadh an cragadh ar an éadach le cois uisge agus sópa a chuir ann go mbéadh se ramhar na dlúith. Chuirti amach annsin é ar triomadh.
Bhi ghnathach le mná éadach ‘drugadh a chaitheamh. Ghlactai níos mo sathaoir le seo. Bféidir go gcuirtí go baile mór é le prios a chuir air.
Theigheadh na táilliúir ó theach go tu(leanann ar an chéad leathanach eile)