Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní rabh sadhbhail uirthi na dhiadidh sin. Caitheamh isteach ar charraigeacha móra an oileáin í go dtearn an fhairrge mhór smioneagar duithe. THug cuid de'n fhuireann imthigheacht duithe agus báitheamh iad. Sabhaladh an beagan a d'fhan ar bórd gur ísligh an fhairrge.
Tháinig cuid de na cuirp isteach fa traigheanna thír-mór.
Bhí mórán de mhuinntir tír mór fá'n chladach go h-antrghach ag dreim go bhfuigheadh siad rud éigin le piocadh suas.
Innistir fa fhear amháin a tháinic fhad le fhear an muintir bháighte. Bhíthear a chuir air gur shanntaí sé péire butais a bhí air. Cibe ar bith nuair a thionntuigh sé an fear báighte, leig sé sin beic as le linn an sáile sceireadh amach as a chorp. Shíl an fear a bhí fa thraigh gur beo a bhí sé agus nuair a chuala sé an bhéic d'imthigh sé inns na fatha fásaí.