Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 173
- XML “Stiléireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de’n dorach é agus cnagaidh in aghaidh na beinne é ar an taobh amuigh, agus dfág na luighe leath mharbh é. Cruinnigh sé suas cuid de’n urnais annsin. Chaith ar a druim iad agus dimthigh tarraingt ar an rássa. Shnámh sé an canal eidir an páróiste seo a’s na Rossa, agus níor pill se na h-áite níos mo. Deir siad gur i Liverpool a cheannuigh sé an chead péire bróg ar a chasan go Meireaca.Bhí sgaifte eile i gcró stilleadh lá agus thainic an tóir ortha gan mhuthughadh beireadh ar trí no cheathair a chloigne agus dimtigh cuid eile. Ach nuair a bhithear ag fágáil an chró, bhí [diúlach]? amháin a dtugtaí Domhnall bran air na luighe i gchoirneál agus ní fhacas é. Ag dul amach de na [Péas]? ar an doras scairt sé amach. ‘Tá mise annseo go fóill’. Fuair sé na thrí mí a bpríosún le linn labhairt. Mhar seo i mbéal na ndaoine fada go leor. Tá mise annseo go fóill, arsa Domhnall bran