Scoil: Doire Beag (B.)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag (B.)
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear eile teacht treasna ar thráigh Machairechlochair oidhche tamall indhiaidh dhul a sholus agus gasur beag leis ar ghreim láimhe. Nuair a bhí siad teacht amach aran bearna bhuidhe i mbéal na trágha chonnaic an gasur an teine tuairim ar cupla céad slat uaidh agus an dream beag na rith thart uirthi agus an gleo sin aca. Shíl sé gur páistí an bhaile a bhí ann, agus dubhairt se le’n athair. Nach fada anoir a thainic an t-áos óg anocht. Le sin leigidh se amach a athair agus rithidh sé fhad leo. Nuair a chuaidh sé tuairim a chéad slat no mar sin chuaidh an teine as, agus stad an gleo, phill sé aríst ar athair. Ní theachaidh siad i bhfad go bfachaidh an gasur an teine arais thall i lár na thrága agus dimthigh sé ar a rása mar rinne se cheanaféin. Ní teacha se i bhfad in uair seo ach oiread gur imthigh an teine. Sgannraidh an t-athair, nuair a thánnaic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge