Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 146
- XML “Póstaíocha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Póstaidheacha.Deirtear nach bhfuil sé rathmhail pós[ta]? i mí na bealtaine.
Da bhfágadh lánamhain an baile ag tarraingt ar theach an phobhail le na bpósadh, nar cheart de’n dhuine aca pilleadh arais fa dhéin aon nidh a dpógadh siad na ndiaidh.
Deanamh cleamhnais. - ‘Sé seo an [gn]? a bhí coitcheann sa taobh seo de’n tír. Mar rabh lámh na focal eidir buachaill is cailin roimh ré. Bhí da fhiachadh ar an bhuachaill sean na óg é a dhul agus bean a phiocadh.
Níor chuala mé mórán iomraidh ar lucht cleamhnais sa taob seo de’n tír. Bhí na daoine bocht ar bheagan spré [mar]? sin ní rabh an gnás coitcheann.
An té a rabh cún pósta aige, is [doic]? go mbéadh cailín éigin thill no bhfos na súil aige. Mar sin beireadh se leis buachaill as an chomharsain, agus cupla(leanann ar an chéad leathanach eile)