Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 105
- XML “Seanbhean Chelsí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí ceathrar as an áit seo ag obair i gcuideachta a chéile i n-Albain, triúr as na Rosann agus fear Ghaoth Dobhair.
Níl Domhnach ar bith nach siúbhalfadh siad isteach go Baile Chelsí. Bhí seanbhean annsin a bhéanfadh braon té dóibh gach lá, Albanach a bhí inntí.
An lá seo bhí sí go h-olc leis an déideadh, agus ní dhéanfadh sí té ar bith.
Phill fear Ghaoth Dobhair agus dubhairt sé go ndéanfadh sé léigheas dí ar an déideadh ar son bhraon té. Rinne sí réidh an é agus d'ól an fear é.
Annsin d'iarr sé uirthí ghabhail ar a glúine agus an dillín seo a rádh ina dhiaidh.
"A shean chailleach ghallda nach ngéileann do Mhuire,
biseach nach bhfághann tú go dtéid tú ar mire."- Bailitheoir
- Pádruic 'Ac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Paidí Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall