School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin bhí fear ag siubhal istoigh i roilig agus casadh cloighean duine air. Bhuail sé cíc ar a chloiginn agus labhair an chloigeann leis. "Bhí mise lá comh maith leat fhéin." Chuaidh sé chuig an tsaghart agus ní thiocfadh leis an tsaghart maitheannas a thabhairt dó. Chuir an saghart chuig an easmbóg é, agus ní thiocfadh leis an easbóg maitheannas a thabhairt dó.
Chuir an t-Easbóg go dtí bun binne é a chur isteach a bhreitheamhnais aitrighe. Bhí sé ann sin ar feadh cúpla oidhche ag urnaighe. Oidhche amháin d'fhosgail doras sa bhinn agus bhí solas breagh istoigh. Smoitigh sé go rachadh sé isteach ar an fhosgadh. Nuair a chuaidh sé isteach bhí sean-bhean na suidhe sa chlúdaigh. Bhí an(continues on next page)- Collector
- Eoghan Ó Duibhir
- Gender
- Male