Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 345
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt chailleacha . . .”
Bhí beirt chailleacha ‘na gcomhnuidhe i Machaire Gathlán fad ó shoin. Cromóg Ní Chromóige, agus Dumhag Ní Dhumhaig a bhí ortha. Lá amháin bhí Cromóg ag buachailleacht, agus d’éirigh sí tinn. Tháinic sí isteach, agus chaith sí í fhéin ‘san leabaidh. D’iarr sí ar Dhumhag a ghabhail amach a bhuachailleacht. Thug Dumhag léithe an t-eallach, agus tháinic sí go dtí cuid bochtaí na Tullacha leobhtha. D’amharc sí síos i bpoll uisge, agus chonnaic sí frog. Thug sí léithe an frog ‘na láimh, agus thug sí ‘na bhaile chuig Cromóig í. Arsa sise le Cromóig, “A Chromóg Ní Chromóige, seo (agat) chugat an bás”. Arsa Cromóg, Maise níor chuala mise agus níor mhothuigh mé an bás ag teacht agus bíodh mar atá”.
D’fhág siad Machire-An-Gathlán agus d’imthigh siad leo go dtáinic siad a fhad leis an Chláidigh. Ní raibh droichead ar bith ar an Chláidigh ‘san am sin. Bhí beathadhach bán aca, agus chuaidh siad a mharcaidheacht air. Ní raibh an madadh ruadh a bhí leo sásta a ghabhail a mharcaidheacht. D’imthigh an beathadhach bán trasna ar an abhainn. Léim an madadh ruadh amach ag cosa an bheathidhigh, agus báitheadh uilig iad acht an madadh.
Scannruigh an madadh, agus d’imthigh sé amach ‘na chnuic, agus tá sé annsin ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamús Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann