School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 338
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomhaiseanna.Ní h-ór é, ní stáin é, ní plata é,
Ní gabha a rinn é na céarduidhe. Leac-oidhréog.
Tá láir bhán sa loch, a’s ní stadann sí cos, go dtéidheann sí go Ros? An Ghealach.
Dhá bhuin bhuidhe ar thaobh na gaoithe, ceann ‘san oidhche agus ceann sa ló? Gealach is Grian.
Bean fhada (ualc) uasal ag sguabadh an chaisleáin, gan chraobh, gan chuaille, gan sguaib, gan sgathán? An ghaoth.
Is mo é, is mo é, rud a bhaint de, Is lugha é is lugha é rud a chur air? Poll.
Bíonn sí thoir, bíonn sí thiar, bíonn sí i ngáirdíní i mbaile Átha Cliath.
Is mo a greim no greim capaill is ní bhlasann sí aon bhiadh? Speal.
Caidé a fhásann idir Éirinn agus Albain? Leathach
Toit sa ghleann, ‘sgan teine ar bith ann? Aoileach beathaidhith
Caidé an rud a bhfuil maróg aige agus gan geir ar bith ann? Globe.
Súid thall ort é, ní trom leat é, Ní ball de bhallaibh do chuirp é, Is tá sé ort ‘na dhiaidh sin? [D’ain]?
Capall bán sá dhruim le h-aill, agus é ag [plubarna]? Las.
Cím é agus ní fheicim é, Cím ar bhárr an aitinn é,
Drúcht an fhéar a sgaipeann sé, Ní stadann sé acht ag rith. Sgáile.
Tobairín fíor uisge ar fhíor bhárra an t-sléibhe, [fuimn]?(continues on next page)