Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Oisín i dTír na nÓg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oisín i dTír Na n-Óg.
    Bhí Oisín trí chéad bliadhain i dtír na n-óg, nuair a bhuail cumha é. Ba mhaith leis a mhuinntear a fheicheal in Eirinn. Bhí an bhean ag iarraidh air baint faoi. D’innis sí do chomh luath is leagfadh sé a chos ar thalamh na h-Éireann go n-éireochadh sé ‘na shean dhuine críonn liath. Ní raibh maith dí bheith leis. Thug sí each bán do, agus dubhairt sí leis gan theacht anuas de, nó dá dtiocadh, nach bhfheicfeadh sé go deo í.
    Chuaidh sé a mharcaidheacht ar an each, agus chuaidh trasna na fairrge. Nuair a tháinig sé i dtír in Éirinn, dímthigh sé fhéin ‘san each leo i chois na trágha. Chonnaic sé buachaill, agus mála coirce leis ar dhruim capaill ag dul ‘na mhuilinn fa choinne mine fhághail déanta. Cé bhí ann acht buachaill Naomh Pádraig. Thuit an mála ar an talamh, agus ní raibh an buachaill ábalta é chur suas arais. D’iarr Oisín air ar breith ar srian an chapaill. Bheir seisean greim scuig ar an mhála, agus thóg sé i n-áir ‘san spéir é. Scannruigh an buachaill, no bhí eagla air go mbrisfeadh sé druim an chapaill, dá leigeadh sé anuas an mála air go h-anacaire. I ngan fhios do fhéin tharraing Oisín a chos amach as an srian, agus bhí sé ar an talamh í. D’éirigh sé ‘na ‘sean dhuine críonn liath agus d’éirigh sé dall. “Anois” ar seisean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    1397225
    Faisnéiseoir
    Mháirghead Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall