Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ridirí Na Craoibhe Ruaidhe.Nuair a bhí Cú Chulainn thall i n-Albain ag an Scathaigh Mhór bhí gabha san áit fosta. Bhí claidheamh ag Cú Chulainn agus thug sé chuig an gabhainn é le cóireadh. Nuair a bhí sé ag an ghabhainn thoisigh sé a innse sgéil do fa dtaobh de fathach a tháinig anall as Sasain a chuir troid ar Chonall Cearnach. Ní raibh sé fhéin acht na ghasúr beag agus ní raibh sé acht ag dul go dtí na h-iosgaidí ar an fhathach. Thóg an fathach é agus chaith sé isteach i gCliabh é acht thug sé léim amach.
Nuair a fuair sé amach thoisigh sé ag dul de’n fhathach sna h-iosgaidí arís. Thóg an fathach é agus chuir se síos ann a phóta é acht fhuair sé amach. Nuair a fuair sé amach bhí sé ag dul de’n fhathach arís. Rug an fathach air agus chuir sé isteach faoi na chrios é. Bhí sé annsin agus an t-anam bruighte as. Bhí sé ag bogadaigh leis go dtí gur thuitm sé. Bhí an troid ag dul ar aghaidh agus Cú Chulainn ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chorráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Corráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall