Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Slatacha dubha tá siad maith ag casachtach a bhéadh ar ainmhidhthe. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
Lus na ríogh agus neoiníní tá siad maith ag an chroidhe. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
Gas searbhán, diolar, ceannbhán dubh chosach, cál mín, bachrán, bárr aitinn agus duilleogaí báidhte. Tá siad maith fa choinne slaghdáin. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
Cúl Phádraig Tá sé maith fa choinne chur ar ghearraidheacha. Caithfear an duilleóg a theidheadh leis an teine agus é a chur ar an chreich. .
Lus mór tá sé maith fa choinne cnapáin. Caithfear é a bhruith fríd mhin-choirce agus é a chur ar an chnapán.
Glasar Léanmhar Tá sé maith fa choinne carnáin nó pian na gcnámh. Caithfear é a bhrugh agus é chur ar an áir a mbéidh an phian.
Cúl fáithche tá sé maith fa choinne bruicinigh. Caithfear é a bhruith agus an subh a ól.
Gairleóg tá sé maith fa choinne pian na gcnámh. Caithfear é a bhruith agus an subh a ól nó é a bhrugh agus é chur isteach sa stoca.
Capagach tá sé maith da choinne chur ar liobar a bhéadh dóighte ag an ghréin. Caithfear é a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall