School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 74

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 74

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 74
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid san bhrat. (Suithche.)
    Tá muilín beag amuigh annsin agus trí chéad gámhain aicí. (Ghealach agus na réalta.)
    Muiltín iarainn agus earball olna air. (Snáthad mhór agus snáithe olna.)
    Chuaidh mé suas air agus tháinig mé anuas air agus thug mé liom ar mó dhruim é. (Dréimire.)
    Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. (Bealach mór.)
    Téigheann sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h eochrach. (An Ghaoith.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí an t athair agus an máthair agus gasúr ann uair amháin agus mharbhuigh fáthach mór an t'athair agus thug sé leis an t-airgead uilig orthú. Dhíol siad an t-eallach uilig acht bó amháin. Lá amháin dubhairt an mháthair le Seághan, "caithfidh tusa ghabhail chun aonaigh i mbárach agus an bhó sin a dhíol."
    D'éirigh Seághan go breagh luath ar maidin agus d'imthigh sé chun aonaigh. Ní dheachaidh Seán i bhfad gur casadh fear dó a raibh bláthanna leis. "Dheánfaidh muid malairt" arsa Seán. Agus rinne. D'imthigh Seán na bhaile agus chuir a mhathair ceist air "cá bhfuil luach na bó." "Sin é" arsa Seaghan. Bheir an máthair air agus chaith sí amach ar an fhuinneóig iad. Chuaidh Seán a luighe an oidhche sin gan suipéar ar bith.
    Nuair a déirigh sé ar maidín bhí-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish