Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 73
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luighim ar mo láimh dheis, codhluighim ar mo láimh chlí, diúltaigheam do'n ainspiorad agus comhnuigheam leis an Spiorad Naomh. A Mhaighdean Mhuire bhí ag mó cheann a Eóin Baiste bhí ag mo bhonn. Teachtaire Dé in ionad Críost bhí agam go gcuirfidh ola Chríost ar m'anam dílis a d'fhulaing Iosa ar an chrann. Ceithre coirneáil ar mo leabaidh, ceithre h aingle go raibh annsin, Dia go raibh amuigh, Dia go raibh astoigh, Dia is Críost go raibh fá dtaobh d'en teach. Mó thigeann gáth orm is mé mo codladh, Dhia muscail mé, Dhia cuidigh liom anois agus ar uair mó bhais Amén.
    A Mhuire na ngrás, a mathair Mhic Dé go gcuiridh tú ar do leas mé, go Sabhlochaidh tú mé ar gach uile olc. go sábhlochaidh tú mé idir anam is corp. Go sábhlochaidh tú mé ar muir a's ar tír go sábhlochaidh tú mé ar leic na bpian, gárda na naingeal a's mo cheann Dia róim agus Dia liom.
    Bhí mé ag siúl ar thalamh beannuigh, is casadh damh an Mhaighdean Bheannuigh. Bhí seacht gcóróinn Mhuire léithe ina láimh. seacht gcoinnle lasta ar gach taobh. seacht sagairt a leigheamh. seacht gclog a bualadh. Geaftaí na bFlaithis a foscladh agus dorsacha Aifrinn a dhruid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Toit sa choillidh agus gan teine ar bith ann. (Ceo.)
    Tá sé amuigh agus tá sé astoigh agus tá sé eadar an taer agus an talamh. (Fuinneóg.)
    Barraile ar an t-sráid agus a dhá cheann druidte. (Uibh)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighread Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Dualrach Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann