Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 61

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 61

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 61
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceithre gallún dó chuir isteach i gceig na gcúig gallun gan dadaidh agat le é i roinnt ach ceig na dtrí n-gallun, Caide an dóigh a dtiocfadh leat é rannt.
    Frg. Líonfeá ceig na dtrí gallún chead uair agus chuirfeá isteach i gceig na gcúig gallun é. Líonfeá ceig na dtrí gallún arais agus ní choinneochadh ceig na gcúig n-gallún acht beirt aca. Bhí ceann amháin annsin fágtha i gceig na dtrí ghallun. Annsin dhóirteacha ceig na gcúig n-gallún isteach i gceig na h-ocht n-gallún. Annsin dhóirteacha an gallún a bhí fagtha i gceig na gcúign-gallún isteach i gceig na dtrí n-gallún. Annsin bhí seachtar i gceig na n-ocht n-gallún agus ceann amháin a gceann na gcúig n-gallún. Líonfeá ceig na dtrí gallún amach as ceig na h-ocht ghallún agus doirteacha isteach i gceig na gcuig gallún é. Bhí ceathrar annsin i gceig na gcúig gallún agus ceathrar i gceig na h-ocht ghallún.
    Cad chuige a dtéigheann an madadh thart trí h-uaire sular dteigh sé a luighe.
    Mar nach bhfuil fios aige cá bhfuil ceann nó cos na leabtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níor dhruid Dia doras ariamh na bhfoscaladh sé ceann eile.
    Is féarr rith maith nó droch sheasamh.
    An té tá gan chéill bíthear ag magadh air.
    Is fearr go mall nó go bráth.
    Bíonn súl le muir ach ní bhíonn le h-uaigh.
    Glan díreach an ród sin an bealach mór i n-aithghiorra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eadhmonn Ó Cailín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Gaodha
    Inscne
    Baineann