Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 59

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 59

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 59
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí beirt mhac aici . . .

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'fhás mé mó chaol shlait Mhic Chuarta ar anIubhair Chnoc sa Cléirín agus thigeadh catha Chlanna na Sealg go fada seal mó fheuchaint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Caidé rachas suas nuair a thig an fhearthainn anuas. (Scath Fearthanna.)
    Go h-ard le balla, go milis le mil, go bán le bainne, go dearg le fuil. (Ubhla)
    bhí mise gabhail an bealach mór lá amháin agus casadh beirt fhear orm. Shiubhal mé liom giota eile agus casadh beirt bhan orm agus páiste le gach duine aca ar a dhruim. D'fhiafruigh siad damh ar casadh fir ar bith orm. Dubhairt mé gur casadh. Bhal ar siadsan, sin ar gcuid aithreacha inne agus aithreacha na bpáistí agus aithreacha móra na bpáistí. Caidé an gaol a bhí aca dó chéile. (Sin cuid n-ingheanacha na bhfear agus phós gach fear aca n-inghean an fhir eile.)
    Corcán ór lán dé fheoil bheo. (Méaracán ar mhéar duine)
    Muiltín iarann agus ruball olna air. (Snathad mhór agus snáithe olna intí.)
    Bairille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (Uibh)
    Tá sé amuigh, tá sé astoigh tá sé sa chlúdaigh agus dhá chéad súl air (Reidil)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge