Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 38

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 38

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 38
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seán Amaideach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthigh an cailín léithe amach as an teach ag dul a dh'amharc ar an eallach agus tháinig sí poll b(?) bhealach mór. Tháinig sí breac beag ag leimnigh ins an pholl. Thuit sí isteach sa pholl agus báitheadh í agus ní bhfuarthas í ón lá sin go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ina chomhnuidhe ag a mhathair. Ní rabh cleachtadh aige ar obar a dhéanamh. Bhí a mhathair iongantach bocht agus cha rabh a dhath acu le h-ithe.
    Lá amháin dubhairt sé lé na mhathair go rabh sé gabhail a obar agus go mbeadh said saidhbhir (?)
    Séan a bhí ar an ghasúr seo. Chuaidh sé a obar an lá seo, agus fuair sé pinghinn tráthnóna, thug sé leis ina laimh é, agus chaill sé é.
    D'innis sé dó na mhathair caidé d'éirigh dó agus dubhairt a mhathair leis gur ceart dó an phinghinn a chuir ina phóca. Dubhairt seisean go ndeánfadh sé sin feasta.
    An dara lá a bhí sé ag obar fuair sé pigín bainne agus chuir sé an pigín ina phóca agus dhóirt sé é. Dubhairt a mhathair leis gur cheart dón pigín a thabhairt leis ar a cheann agus greim a choinneál air lé ná dhá láimh. Dubhairt Séan go ndeanfadh sé sin feasta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge