Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 33

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 33

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 33
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Tomhaiseanna”
  5. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seo," dubhairt an capall "go dtainig agus go dteachaidh sí síos go dtí an bhó." Chuaidh sí chuig an bhó agus chuir ceist uirthí, "an dtainig girseach ar bith an bealach seo," dubhairt an bhó "go dtáinig, agus go dteachaidh sí síos go dtí an muileann," Chuaidh sí go dtí an muileann agus chuir ceist air "an dtainig girseach ar bith an bealach seo," dubhairt an muileann léithe, "Ní chluinim thú."Theann sí anonn leis an mhuileann annsin agus chas an muileann suas í. Annsin bhain sé daoithe slat na draíochta agus thug sé do'n ghirseach í, agus d'iarr sé uirrthí "an chloch sin a bhualadh leis." Bhual, agus thionntuigh an dá chloch isteach na dhá ngirseach. D'imthigh an triúr deirbhshiúr leo ná bhaile, agus bhí dóigh mhaith ortha ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá sé i bhfos, tá sé thall, tá sé ag Séan ar a chuid, tá sé fríd an sáile liath, agus gan é níl blas ar uibh. (salainn.)
    Chomh h-árd lé bainne, chomh milis lé mil, go bán lé bainne, agus go dearg le fuil. (ubhla.)
    Máthair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad súl air. (Gas cabáiste.)
    Dhá chois ar an talamh, trí cosa inairde, ceann an duine bheó i mbéal an duine mharbh. (pota ar do cheann)
    Corcán óir lán de fheoil bheó. (Méaracán.)
    Chuaidh cearc dhubh agus cearc bhán suas an cnoc, tháinig an chearc dhubh anuas agus d'fhan an chearc bhán shuas. (Rug sí uibh.)
    Siúd thart ar an teach é, agus an dreibhlín ina dhiaidh. (Chearc agus na héanacha.)
    Tarann sé leis fhéin agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás.)
    Tchím ins an chuibhreann é, tchím ins an t-sruthán glas é, míle bean uasal ag damhsa go deas, gúna gorm agus gúna glas, agus dá mbeitheá ag tomhas, ag tomhas go dtí an oidhche ní thomhaisfeá sin. (blátha ar phreataí.)
    Tcím fear bocht achan lá, ní fheiceann fear uasal ach corr uair é, as ní fhacaidh Dia ariamh é. (fear níos fearr ná tú fhéin.)
    Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (an ghaoth.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Conall 'Ac Domhnaill
    Inscne
    Fireann
  3. Sean-Fhocla
    Is fearr uaigneas maith ná droch chuideachta.
    Is fearr go mall ná go brathach.
    An té bíos buaidheartha bidh sé ag bogadaigh.
    Ólann an Righ fuigheallach an chait.
    Sé Dia an fear is fearr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.