Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 28

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 28

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 28
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal fá Bhaoigheallach Beag na Cruite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'imthigh siad uilig ina rith. Nuair a chonnaic an gasúr gur imthigh siad uilig, chuaidh seisean agus an chuid eile síos go dtí an crann go bhfeicfeadh siad caidé a bhí ann, agus caidé a fuair siad ach mála óir. Chuaidh an gasúr ná bhaile annsin agus ní raibh sé fhéin nó a mháthair bocht ó shoin!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear shíos ar oiléan na cruite aon uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Baoigheallach beag ná cruite agus bhí sé iongantach mór leis na sidheógaí. Bhéadh siad ag damhsa leo achan oidhche. Thiocfadh siad go dtí ná theach agus d'iarrfadh siad air a theacht amach. Rachadh sé amach agus dhéanfadh sé a sháith damhsa leo. Ansin thiocfadh sé isteach agus rachadh sé a luighe.
    Aon oidhche amháin chuir siad ceist air ar mhaith leis bean a fhághail. Dubhairt an Baoigheallach beag gur mhaith. D'innis siad dó annsin go raibh bean i gConnacht a gabhail a pósadh amárach, agus dá mbéadh dúil aige ann "go rachadh siad siar agus go dtabharfadh siad leó í" " Maith go leor" arsa an Baoigheallach beag agus d'imigh siad leo. Thug siad leo é fríd an aer agus bhí siad thiar i gConnacht roimhe cheithre h-uaire. (?)Chuaidh siad go dtí an teach a raibh an bhean ann. D'iarr na sidheogaí ar an Bhaoigheallach a ghabháil isteach agus an bhean a thógáil a dhamhsa agus go rachadh siad-san suas ins na creataí (?) Chuaidh an Baoigheallach isteach agus thóg sé an bhean a dhamhsa. Nuair a chuaidh siad (?) thart an chead uair an t-urlár thuit an bhean óg a luige. Rath Baoigheallach beag na cruite amach ar an doras agus na sidheogaí ina dhiaidh. D'imthigh siad fhéin agus an bhean óg chun ná cruite, agus pósadh í fhéin agus an Baoigheallach beag. Cuireadh an bhean a fuair bás i gConnacht. Shíl siad go raibh an bhean cheart acu, ach ní raibh aca ach sean-scuab. Nuair a phós an Baoigheallach beag an bhean, níor mhaith leis a bheith mór leis na sidheogaí ní ba mhó. Bhí eagla air go dtabharfadh siad leo an bhean arís. Agus caidé a rinne sé ach fáinne a ghearradh thart ar phíosa de'n talamh agus ní raibh ná sidheogaí ábalta theacht isteach taobh istigh dé seo, agus b'éigean daobhtha imtheacht leo isteach ins na beanna.
    D'fhan an Baoigheallach anseo go maidín agus chuaidh sé fhéin agus a bhean go dtí ná theach fhéin. D'fhan siad annseo go cionn bliadhna, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Conall 'Ac Domhnaill
    Inscne
    Fireann