Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sáighdiúirí Sidhe na Mucaise
Bhí fear ar an dún (sa cheanntar seo) fad ó shoin dar b’ainm Maghnús Ó Gallchobhair. Chaith sé a shaoghal ar shiubhal ins na chnuic ag buachailleacht caoirigh agus eallaigh. Lá amháin bhí sé ag buachailleacht ar an Mhuichis agus tháinig an oidhche air. Bhí sé iongantach dorcha agus shuidh sé ar thúrtóg agus nuair a bhí sé ná shuidhe tamall chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus tharraing sé air.
Chuaidh sé isteach agus goidé a bhí annsin ach cúirt mór agus teine bhreagh. Shuidh sé agus théigh sé é féin. Nuair a d’éirigh sé le dul amach, chonnaic sé léar mór saighdiúr agus a gcinn agus a gcosa le chéile agus na mharcaigh ar a gcuidh capall agus iad na gcodladh agus a gcuid cláidheamh crochta le na dtaobh. Nuair a bhí sé ag dul amach bhuail sé a chos ar dhuine acu agus d’éirigh siad uilig na seasamh marcaigh agus eile.
Dubhairt siad “ bhfuil an lá ann, bhfuil an lá ann’
Dubhairt seisean “ Níl, níl’ agus thuit siad uilig na gcodladh ach fear amháin.
Dubhairt seisean “ Bhfuil an lá ann” Tá againn le lá a thabhairt do Éirinn. Tá cogadh le bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhagain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maigreadh Bean Mhic Ghaoith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall