Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “An Bhaintreach agus a Beirt Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An bhaintreabhach agus a beirt mac
    Fad ó shoin bhí baintreabhach ann agus bhí dhá mhac aici dar b’ainm Conall agus Eoghan. Bhí siad ionganí bocht. Lá amháin bhí siad amuigh ag obair agus tháinig Eoghan isteach agus dubhairt
    “ go rabh sé ag imhteacht go beicfeadh sé a bhfúigheadh sé lá páighe áit ar bith”, diarr sé ar Chonall fanacht ag a mháthair agus dimthigh leis agus ní rabh sé ábalta obair fhághail áit ar bith no ní ghlacfadh na daoiní Gaedheal ar bith san am. bhí sé ar shubhal leis ó áit go háit go dtí go dtháinig sé fhad le Condae Thir Eoghain
    Chuaidh sé isteach i dteach annsin agus chuir sé ceist a ndéanfadh siadsan é a fhastodh agus dubhairt siad go ndéanfadh no go rabh buachaill bó a dhith ortha. Nuair a d’éirigh sé ar maidín chuir siad amach é leis an eallach. D’imthigh sé fhéin agus an t-eallach leó go dtáinig siad fhad leis an fhairrge. Nuair a chuir sé isteach iad tráthnóna ní rabh oiread mias acu is chongbuigheochadh an bainne. D’éirigh mar a gceadna leo an dara lá. An tríomhadh lá lean siad é agus chuaidh siad fhad leis an fhairrge. Chuaidh dhá bhológ síos go dtí creag a bhí ann. Thóisigh siad a sgríobhadh na creige agus nocht cómhnair agus é sgríobhta uirthi.
    “Colm Cille agus é a chur i nDún Phádraig” bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sean Ó Dubhagain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Maighreadh Bean Mhic Ghaoith
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall