Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Taiscí Eile”
  4. XML “Dhá Keg Poitín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Taisgidh eile
    Tá saidhbhreas eile curtha i mbaile dhúin a lúithche agus deirtear gur i n-ailt na caillighe atá sé fóduigthe.
    Deirtear go bhfuil an saidhbhreas seo an-sean agus gur ór uilig atá ann:
    Ba é na lochlannaigh a ba cheart an taisgidh seo a chur sa talamh agus seo mar gheobfar an tuairisc uadh na daoiní go fóill.
    “Tá lán croiceann searraigh d’ór curtha i n-ailt na caillige”
    Ins an t.samhradh bíonn sreangan caol toité ag éirge suas díreach sa spéir ins an alt seo, agus mhothuigh mé an bharamhail go minic “ gur bféidir gur seo an áit a rabh an t,ór ‘na chodladh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
  2. Dhá Keg Poitín
    Ba gnáthach leobhtha poitín a dhéanad annseo fad ó agus ba ghnátach an tóir a bheith indiaid go minic. Tháinig an ruaig ar stilleoir am amháin. Amach leis agus an dá keg leis faoi na dhá ascaill. Bhí an t-ualach trom agus mheas sé gur bfearr do iad a chur a bfolach. Tháinig sé fhad le poll uisge agus chaith sé amach an da asglann agus chuir meadhchain orthu i mbruach an phoill. Bhí dhá ghabhar ag ingilt ar bhruach an phoil agus bhí an stilleoir bocht comh soinneanta gur shaoil sé go mbeadh na gabhair mar comhartha aige ar an áit folaighe nuair a phillfeadh sé aríst le seilbh a ghlacadh orthu. Acht faraor! Nuair a thoisig an cuartúghadh bhí na gabhair imtighthe agus tá an biotailte sin i “mbond” ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.