Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “An Chéad Chónaí san Áit”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chéad comhnuidhe san áit
    Seo mar chualaidh mé Maighred bean Mhic Gaoith as Gleann Toir nfinn ag tracht ar an cheist seo. Cualaidh sise é uadh na daoiní a chuaidh roimpi agus thug sí damsa é mar leanas:
    “ Se an chead duine a tháinig go Dún a Lúithche Seúmas Mac Pháidin. Ba’s na Rosa ioctarach a tháinig siad ó thús.
    Nuair a bhí Séumas tamall i nDún a Lúithche tháinig Sasanach anall dar b’ainm Caiptin Gilbert; agus d’iarr sé cead iasgaireachta ar an loch agus thug Seúmas an chead do.
    Tháinig sé an darna bliadhain agus d’iarr sé teach an bháid le na shlat iasgaireachta a bheith sábhailte ann, agus an bád le é a bheith amuig ag iasgaireacht
    Nuair a phill sé an tríomhadh bliadhain, bhí Séumas agus a bhean ag dul síos go hoileán na Cruite ins na Rossa iochtaraigh leis an geimhreadh a caitheamh ann. D’iarr an Sasanach cead stopadh ins an tseomra mhór agus go gcongbochadh sé teine ann agus go mbeadh sé breag teith ag pilleadh daobhtha aríst. Nuair a phill Séumas ins an tsamhradh ní leigfeadh an caiptín isteach é agus b éigin daobhtha leo síos na cruite aríst. Bhí an áít ag an chauptín dó féin.
    Nuair a bhí seilbh na h-áite aige tamall dhíol sé é le fear dar b’ainm an Ruisealach mór.
    Deirtear gur fear maith a bhí ann, agus go rabh sé féin agus Lord George Hill dlúth-cheangailte le chéile, i scéamannaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Maighread Bean Mhic Gaoith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall