Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhargadh a rinn sé leis an fhear eile go dtí go rabh an gasúr fá lá dhon dá bhliain déag. Dubhairt an bhean go gcuirfeadh sé an gasúr i bhfolach. Ach níor smaoitigh sí ar sin go rabh sí lá mall. Thug an t-athair leis amach é agus ní rabh siad i bhfad ar an fhairrge go dtáinic an fear chuige. Líon sé an bád do'n iascaire agus thug sé leis an gasúr.
Nuair a phill an t-iascaire ar an bhaile chuir an bhean ceist air cá rabh an gasúr. D'innis an t-áthair díthe go dtig sé do fhear eile é ar kán báid éisc. Nuair a chualaidh an bhean seo thug sí iarraidh bhuailte air agus dubhairt sí nach bhfuigheadh sé biadh na deoch sa teach go dtí go dtabharfadh sé an gasúr chuici.
D'imthigh an t-athair ar lorg an ghasúta le na churrach. Casadh an fear air agus d'fhiafruigh sé caidé mar bhí sé sásta do na mhargadh. Dubhairt an t-iascaire gur b'fhearr leis a mhac a fhagháil araist. "Bhal", ars' an fear,"tá sé féin agus an chloigeann déag eile gasúr agam-sa ag foghluim draoidheachta agus má piocann tú amach asta é ghiobhaidh tú é."
D'imthigh an bheirt leo go dtí an áit a rabh na gasraí. Bhí lúthghair mhór ar an iascaire nuair a thainic a athair go dtí an áit a rabh sé. "Anois", ars' an gasúr le na athair, dhéanfaidh an maighistir dhá colaman déag dúinn a caithfidh sé gráinín coirce chugainn. Buailfidh mise buille(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall