Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 93

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí sin agus is fada ó bhí, bhí iascaire na chomhnuidhe i nÉirinn. Bhí a bhean le tógail aige agus bhí dóigh mhaith ortha mar ní rabh an chuid mhór le spárail acu. Lá amháin nuair a bhí an fear amuigh ag iasgaireacht tchidh sé an bád ag tarraingt air. Nuair a thainic an bád had leis labhair an fear a bhí innti leis an iascaire. D'fhiafruigh sé de caidé a bhéarfadh sé dó-san dá líonfadh sé an bád le h-iasc dó. Dubhairt an t-iascaire go dtabharfadh sé gach ar bith dó a d'iarrfadh sé. "Bhal", arsa an fear, "líonfaidh mé an bád de iasc duit má thabharann tú damh an phronntanas a bhéas fá do choinne nuair a rachas tú 'un na bhaile, nuair a bhéas sé dhá bliain déag d'aois". Thoiligh an t-iascaire leis an mhargadh sin. Líon an fear eile an bád annsin agus bhain an t-iascaire a bhaile féin amach.
Nuair a chuaidh sé isteach 'un toighe bhí mac óg fá na choinne. Chuir seo an dubh lúthgáir air ach san am céadna chuir sé buaidhreadh mór fosta air nuair a smaoitigh sé go gcaithfeadh sé scaramhaint leis nuair a bhéadh sé dhá bhliain déag daois. Bhí sé ag smaoiteadh fosta go mb'fhéidir nach bhfeicfeadh sé a choidhche airíst é na dhiaidh sin. Achan lá na diaidh sin bhí sé ag fagháil lán an bháid de iasc. Níor innis sé do na bhean ariamh fán

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Proinnsias Mac Pháidín
Inscne
fireann
Aois
41
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge