Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní raibh acu ach aon mhac amháin. Nuair a bhí an mac bliadhain d'aois fuair a athair bás agus pósadh a mháthair aríst ar ghréasaidhe bróg. Lá amháin chuaidh a mháthair 'un tsiopa. Nuair a fuair an leas-athair an mháthair ar shiubhal mharbhuigh sé an gasúr. I dteach ceann tuighe a bhí an lánamhain ina gcomhnuidhe. Dar leis an leas-athair gur mhaith an áit folaighthe an corp a chur faoi an trighe?? as cionn na fuinneoige.Nuair a tháinic an mháthair as an tsiopa chuir sí cesit cá raibh an gasúr. "Níl sé ach indiaidh a ghabhail amach ar an doras anois" arsa an leas-athair. "Má gnidheann tusa an tae amharcochaidh mise indiaidh an ghasúra". "Maith go leor" arsa an mháthair. Nuair a bhí an tae déanta chuaidh an bhean amach a scairtigh ar an fhear. Chonniac sí an fear ag teacht agus droch chuma air. Chuir sí ceist ar an fhear cá rabih an gasúr. "Níl sé le fagháil agam" ar seisean. "An raibh sé ar bhfad ar shiubhal sul a dtainic mé?" ar sise. "Ní raibh" ar seisean "nach bhfacaidh tú fá'n doras é ar theacht duit. "Ní fhacaidh" ar sise, "ach cuidigh liom é a chuartughadh". Thosaigh an...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Máire Ní Grianna, ainm áitiúil Máire (Pádraic) Ní Grianna
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge