Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “An Bhanríon agus Cailleach na gCearc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhaint agus ceann a thabhairt léithe. Rinn sí sin. Nuair a bhí siad arshiubhal casadh crann sméar ortha. D'iarr an leas-ingean uirthi an rud céadna a dhéanamh agus rinn sí sin. Nuair a bhí giota eile siubhalta acu casadh crann spíonóg ortha agus rinn siad an rud céadna. Nuair a bhí siad as coinne an túir a rabh na gasraí ann d'iarr an leas-ingean uirthi siudhe go gcíorfadh sí a ceann. Shuidh sí. Chuir an leas-ingean biorán suain in a ceann agus thuit sí na cnap codhlata.
    Annsin d'imthigh an leas-ingean go dtí an áit a rabh na dearbhrathaireacha. D'iarr sí ortha gan an doras a fhoscladh do dhuine ar bith go dtiocfadh sise ar maidin an lá thar na bhárach ná go rabh an bás ag teacht níos comhgaraighe dóbhtha achan lá. Nuair a bhí sí ar a bealach na bhaile tharraing sí an bioran suain as ceann na giorrsaighe agus d'imthigh said na bhaile. Nuair a shroich siad an baile d'iarr a máthair ar an chailín an rabh an leas-ingean ag tabhairt an bidh chuid na bochta agus dubhairt sí go rabh.
    An lá thar na bhárach chuaidh an bhainríoghain síos go dtí tobar uisce agus thuit sí. "Dias is Muire liom" ars an bhainríoghain. "Na rabh Dia na Muire leat" arsa Cailleach na gCearc. "An bhfuair tú amach go fóill an rabh an leas-ingean ag tabhairt an bhídh go na bochta?" arsa Cailleach na gCearc. Dubhairt sise...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall