Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 71
- XML “Scéal na nGadaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh an triúr leo go dtí caisleán a bhí ann. Shíl Pádraic nach rabh ins an chaisleán an fir uaisle. Chuaidh siad isteach agus bhí duisín fear istigh agus iad thart ag tábla mór bídh. Fuair Pádraic, Conall agus an fear uasal a suipeár. Nuair a bhí sé ag druidim leis an h-aon déag dubhairt Conall le Pádraic suidhe annsin go dtiocfadh siad san araist.
D'imthigh Conall agus na fir. Bhí Pádraic leis féin agus bhí sé iongantach tuirseach. Thuit sé ina chodladh agus nuair a mhuscail sé bhí an lá geal ann agus na fir uilig istigh. An tráthnóna sin chuir Pádraic ceist ar Chonall caidé an gléas beatha a bhí acu. Dubhairt Conall leis go rabh achan duine acu na ghaduidhe. Dubhairt Pádraic leis go mbéadh sé féin na ghaduidhe fosta. Dubhairt Conall leis go mbéadh siad uilig ag gáiridhe faoi. D'innis Conall do na fir eile é agus thoisigh siad uilig a gháiridhe faoi. Sa deireadh leig siad Pádraic leo.
D'imthigh Conall agus Pádraic go dtí siopa mór a rabh cloganna agus uaireadóirí óir ghá ndíol ann. "Fan thusa amuigh ag an doras," agus coimead an rud dhéanfas mise", arsa Conal le Pádraic. Chuaidh Conall isteach 'un tsiopa agus d'iarr sé ar an tsiopadóir na n-uaireadóirí a thaisbeaint dó. Chuir an siopadóir anall bocsa deas a rabh dhá dhuisín ann. Thoisigh Conall a dh'amharc ortha. Chuir sé ceist ar an t-siopadóir an rabh uaireadóir níos daoire ná sin aige. Dubhairt an fear go rabh rudaí óir aige a bhí céad punnta an ceann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall