Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ríogh gur b'fearr dó ghabháil na bhaile chuig a bhean féin agus go rachadh sise agus a fear féin leis. Ar maidin an láthar na bhárach d'imthigh siad ag tarraingt ar an chaisleán. Nuair a thainic siad go dtí an geafta bhí ingean an ríogh ag fanacht leo. Bhí lúthgháir mhór uirthi a fear féin a bheith léithe araist. Thug sí isteach iad agus thug sí go leor le h-ithe agus le h-ól dóbhtha. An lá na dhiaidh sin d'imthigh an bheirt eile na bhaile agus d'fhan an gasúr ag ingean an ríogh.
Cupla lá na dhiaidh sin d'imthigh ingean an ríogh agus an gasúr go hÉirinn fá choinne athair an ghasúra. Nuair a shroich siad teach an ghabha bhí an tráthnóna ann. Chuaidh siad isteach agus chuir an gabha ceist ortha caidé a bhí a d'ith ortha. Dubhairt siad-san go rabh lóistín na h-oidhche a dhíth ortha. Ní rabh fhios ag an ghabha cé a bhí ann agus thug siad lóistín na h-oidhche dóbhtha. Ar maidin nuair a d'éirigh an gasúr chuaidh an gabha amach agus thug sé isteach uisce chuig an ghasúr le é fhéin a nighe. Annsin chuaidh sé síos 'un tseomra agus thainic sé aníos ar adhá ghlúin thárnocht agus thug sé éadach do'n ghasúr le é fhéin a thriomughadh.
"An bhfuil cuimhne agat ar an lá a thainic an t-éan isteach annseo agus nuair a d'innis mé duit caidé dubhairt an t-éan chaith tú amach san fhairrge mé" arsa an ghasúr. "Má's maith sin, atá" ars an gabha "is tú mo mhac-sa agus bhí lúthgháir mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall