Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 60

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 60

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 60
  3. XML “Mac an Iascaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mhuscail sise agus d'amharc air agus ar sise, "caithfidh mise imtheacht anois uait ná tá na geasa briste. Bhí mé le bheith annseo go bhfuighinn póg ó bhéal nár phóg aon bhéal ariamh". Dubhairt sí annsin go rabh sí ag imtheacht agus go mbéadh seisean sa chaisleán go dtaradh éan chuige a bheirfeadh 'un siubhail é. D'imthigh sé léithe uaidh annsin.
    Bhí mac an iascaire annsin sa chaisleán leis féin ach bheiradh sé ruaig achan lá thart fá'n áit ina rabh a bhád. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh thuit iolar anuas ins an bhád agus é comh tuirseach agus nach rabh sé ábalta bogadh. Thug an buachaill leis na bhaile é agus thug sé biadh dó go cionn trí seachtmhainí. Annsin dubhairt an t-iolar go rabh sé ag imtheacht agus ar seisean "tá sé comh maith agat a bheith liom". "Maith go leor" arsa mac an iascaire. Chuaidh sé ar dhruim an iolair agus shín an bheirt leo.
    Nuair a bhí siad giota mór fada ar shiubhal thainic an t-iolar 'un talaimh agus d'iarr sé ar an bhuachaill cuartú ná go rabh sé deas do'n áit a rabh an bhean ghlas na comhnuidhe. D'imthigh an t-iolar annsin agus fágadh leis féin é. An chead teach a chonnaic sé chuaidh sé fhad leis agus chuir ceist an rabh an bhean ghlas ann. Hubhradh leis go rabh sí an oidhche roimhe sin ach go rabh sí giota eile ar shiubhal an oidhche sin. "Ach seo péire....
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micí Mac Pháidín
    Ainmneacha eile
    Micí Mac Pháidín
    Micí (Paidí) Mac Pháidín (ainm áitiúil)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall