Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óir dó. D'imthigh sé annsin agus é ag gáiridhe le lúthgháir. Thainic Micí isteach agus d'innis Máire dó go raibh fear na coise tinne istigh agus go dtuge sí stocaigh an airgid dó. "Cad tuighe a dtearn tú sin?" arsa Micí "nach raibh sin againn fá choinne nuair a chéádh muid ag gabhail ó mhaith. Níl gach ar bith le déanamh anois againn ach an doras a tharraingt ár ndiaidh agus imtheacht ó theach go teach". "Tarraing an doras do dhiaidh agus siubhail". Thóg sise an doras agus tharraing sí na diaidh é. Chualaidh seisean an trup. Chuir sé ceist uirthi hoidé bhí léithe. Dubhairt sí gur an doras bhí na diaidh. "Ar fhág tú an doras foscailte?" ar seisean. "D'fhág" ar sise. "Tabhair aníos annseo é agus déanfaidh sé fosgadh dúinn". Chuir sí suas le taoibh bruiach é. Mhothuigh siad cainnt agus goidé bhí ann ach fir a bhí ag goid. Shuidh siad ag bun na binne ach goidé rinn Máire ach an doras a chaitheamh ortho. D'imthigh na fir leo agus fuair Máire an t-airgead. D'imthigh siad na bhaile agus bhí siad go maith ó shoin.Máire Ní Dhomhnaill. Rann na Feirsde
Aois 50 bliadhain.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall