Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 55
- XML “Mór na Scamall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seachtar i n-Éirinn comh glic agus comh gasta leo. Ach fá dheireadh d'éirigh sí comh bródhamhail as a clann mac agus gur chur sí fearg ar Lir.
D'imthigh sé uaithe agus níor phill sé ariamh ní ba mhó. Ach d'fhán Mór ina comhnuidhe sa chaisleán a bhi aici féin agus ag Lir nuair a bhí said i gcionn a chéile ach ní rabh áird ar cith aici ar Lir siocar an bród a bhí uirthi as a clann mac agus a cuid talaimh. Bhí an cheanntar comh fada fairsing sin agus nach bhfacaidh sí riamh an deireadh a bhí air.
Lá amháin bhuail smaoiteadh í go racadh sí go bárr cnuic a bhí sa dúitche go bhfecieadh sí a cuid talaimh, a cuid tréad ag ingilt, a cuid sealbhan, a cuid cuibhrinn maiseacha faoi bhárr agus go mbéadh fhios aici caidé an méid talaimh a bhí aici le roinnt ar a cuid mac. Tharraing sí ar an chnoc lá bréagh gréine agus ní thearn sí stad mara ná mór chomhnuidhe go rabh sí ar mullach an chnuic. Annsin fuair sí aon amharc amháin a rinn a súile díthe. Bhí fearann na h-Éireann comh fada fairsing sin agus nach rabh in a fearann beag fhéin ina measc ach mar bheadh ubhla seargtha i n-abhaill-ghort nó mionn-bheathach éisc agus maoiseóig. "Níl shamhail méariamh" ar sise "go rabh Éire comh fada fairsing is tá sí". "Is mise Mór" ar sise "ach níl mé comh mór as shíl mé"
I lár a cuid cainnte thainic bean go bárr an .....(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Breathnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall