Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 54

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

spéir a mharbhad. Dubhairt sé leis an ghaduidhe go gcaithfeadh sé imtheacht agus cailín a bhí goidte ag fathach a thabhairt uaidh.
D'imthigh siad agus thug siad leo bád agus chuaidh siad go dtí an teach a rabh an cailín ann. Chuaidh an gaduidhe isteach agus ghoid sé an cailín. Nuair a bhí siad amuigh i lár na fairrge chonnaic said an fathach agus é ag cur bladhairí teineadh amach ar a bhéal. Scaoil fear an gunna leis agus mharbhuigh sé é. Nuair a thainic siad go dtí an chladach bhí cuid mhór daoine istigh ar an chéidh. Thug an t-athair an cailín do'n ghaduidhe le pósadh.

Anna Ní Bhaoighill Aois 38 bliadhain
Rann na Feirsde
----------------

Bhí Mór na Scamall in a ingean ag an Ghréin agus bhí sé comh bródamhail sin as a geinealach agus nach bpósadh sí fear ar bith ach Lir agus d'éirigh said aníos comh mór urranta agus go bhfáadh siad órdlach sa n-oidhche agus órdlach eile sa lá. Dá réir mar bhí siad ag éirighe mór bhí Mór ag éirigh ní ba bhródamhla asta ná shíl sí nach rabh...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Seosamh Ó Breathnaigh
Inscne
fireann
Aois
55
Seoladh
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge