Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 52

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

leis an eallach.
Ní rabh fhios aige annsin goidé bhí le déanamh aige. Bhéadh ocras air achan uile lá mar ní thabharfadh an leas-mháthair an ghreim dó. Bhí tarbh beag ag siubhal leis an eallach. Lá amháin thainic an tarbh beag fhad leis an ghasúr agus d'iarr sé air amharc i na chluais dheis, a lámh a chur isteach agus an brat a bhí istigh innti a thabhairt amach. Rinn sé sin agus spréidh sé ar an talamh an brat. Tháinic gach uile cineal bídh a thiocfaidh ainmniughadh mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu thiocadh an tarbh beag go dtí a gasúr a=gus bheireadh sé an brat dó agus bhí dóigh bhreágh ar an ghasúr ó sin amach.

Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac acu. Lá amháin d'imthigh na mic a chuartughadh fastóidh. Chuaidh siad giota fada agus ins an deireadh casadh fear ortha. Chuir sé ceist ortha cá rabh siad ag gabhail. D'innis siad dó. Dubhairt sé le fear acu go dtabharfadh sé deich bpunnta agus culaith éadaigh dó agus go ndéanfadh sé an fear gunna de a b'hfearr a bhí ag gabhail an bealach. Bhí an stócach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Anna Ní Bhaoighill
Inscne
baineann
Aois
38
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge