Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 52

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 52

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 52
  3. XML “Scéal an Ghasúra Bhig”
  4. XML “Scéal Fathaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an eallach.
    Ní rabh fhios aige annsin goidé bhí le déanamh aige. Bhéadh ocras air achan uile lá mar ní thabharfadh an leas-mháthair an ghreim dó. Bhí tarbh beag ag siubhal leis an eallach. Lá amháin thainic an tarbh beag fhad leis an ghasúr agus d'iarr sé air amharc i na chluais dheis, a lámh a chur isteach agus an brat a bhí istigh innti a thabhairt amach. Rinn sé sin agus spréidh sé ar an talamh an brat. Tháinic gach uile cineal bídh a thiocfaidh ainmniughadh mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu thiocadh an tarbh beag go dtí a gasúr a=gus bheireadh sé an brat dó agus bhí dóigh bhreágh ar an ghasúr ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac acu. Lá amháin d'imthigh na mic a chuartughadh fastóidh. Chuaidh siad giota fada agus ins an deireadh casadh fear ortha. Chuir sé ceist ortha cá rabh siad ag gabhail. D'innis siad dó. Dubhairt sé le fear acu go dtabharfadh sé deich bpunnta agus culaith éadaigh dó agus go ndéanfadh sé an fear gunna de a b'hfearr a bhí ag gabhail an bealach. Bhí an stócach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall