Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 45

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an teach socair. Dubhairt sí le na h-athair go rabh bocsa aici agus go rabh eochair gaus glas dó. Dubhairt sí gur chaill sí an eochair ach go bhfuair sí eochair úr. Dubhairt sí go bhfuair sí an tsean eochair an tráthnóna sin. D'fhiafruigh sí cé acu b'fhearr an tsean eochair ná an eochair úr a chonbhail. Dubhairt sise gurbh fhearr an sean cheann a chonbhailt. Dubhairt sise go bhfuair sí an chead bhuachaill a bhí sí ag gabháil a phósadh. Ar maidin an lá thar na bhárach pósadh í féin agus mac an ghárrantóra agus bhí dóigh mhaith ortha ó sin amach.

Thainic fear beag as Gaoith Bearra anuas go Rann na Feirsde a chuatughadh mná agus fuair sé sin. Ins an am sin bhí na corra iongantach fairsing ins an tráigh. Chuaidh ceathrar de theaghlach an toighe amach an oidhche sin agus i gcionn tamall thainic arais agus péire cliabh leo lán corr. Bhí scaifte fear leis an fear a bhí de phósadh agus bhí ceig biotailte leo. Dubhairt na fir gur cheart cruth a ainmniughadh don lán amháin. Dubhairt fear an toighe nach rabh cruth ar bith le fagháil acu ach más a d'iarraidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Niall Ó Domhnaill
Inscne
fireann
Aois
82
Seoladh
Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge