Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 42

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus ní rabh aige ach ingean amháin. Bhí fear ag obair aige ins an ghárraidh agus bhí mac amháin aige. Nuair a chuaidh ingean an fhir uasail na scoile d'fhágfadh an t-athair ins an scoil í le na charr. Ach nuair a bhí sí deich mbliadna d'aois cheannuigh sé carr agus beathach dithe fhéin. Bheirfeadh sí mac an gharrantóra na scoile achan lá agus bheireadh sí léithe na bhaile airíst é tráthnóna.
Mhair sin ar feadh ceithre bliadhna agus annsin fuair an duine uasal amach é agus bhí fearg mhór air. Chuaidh sé chuig fear léigheanta agus d'fhiafruigh sé de caidé a dhéanfadh sé. D'iarr an fear an gasúr a chur a chur 'un siubhail. Chuaidh an fear uasal na bhaile agus d'innis sé ag sgéal do'n ghárrantóir. Dubhairt an gárrantóir nach rabh neart air. Chuaidh sé na bhaile agus d'innis sé an sgéal do'n bhean. Bhí brón mór uirthi-se. D'fhiafruigh an gasúr do na athair cá tuige a gcaithfeadh siad imtheacht. Ach fá dheireadh b'éigean do'n athair innse dó cad tuige a gcaithfeadh siad imtheacht. Cubhairt an gasúr go n-imtheochadh sé fhéin.
Ar maidin thug sé leis bocsa agus a chuid éadaigh bhí iogantas ar ingean an duine uasail nuair a chonnaic sí go luath agus d'imthigh an gasúr. Nuair a thainic sí fhad leis an ghasúr d'iarr sí air a ghabhail isteach sa charr. D'fhiafruigh sí cad tuighe ar imthigh sé go luath agus cad tuighe a rabh an bocsa

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Micheal Ó Baoighill
Inscne
fireann
Aois
43
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge