Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 40

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an fear óg go mbéadh sin doiligh a fhagháil. Scaoil sí a brollach agus thaisbeán sí pictúir na luchóige dó. Shnaidhim sé é féin innti agus innti sé a chaoineadh. THug sé leis na bhaile í agus bhí sí aige go bhfuair sí bás.

Micheal Ó Baoighill (Séan)
Rann na Feirsde
Aois 43 bliadhain
Feirmeoir

---------------------------
An Figheadóir agus a Bhean

Bhí figheadóir ann fad ó shoin. Lá amháin bhí triúr aige ag baint mhónadh. Ar an deich a chlog chuaidh an figheadóir amach a chuideadh leo. Nuair a d'imthigh sé chuaidh an bhean a dh'obair ar an tseol a mbéadh an fear ag figheadóireacht uirthi. Bhris ar an seol agus bhí a fhios aici nach rabh duine ar bith le é innse uirthi ach an gamhain óg a bhí ceanailte thíos i gcionn an toighe. Mharbhuigh sí an gamhain agus chaith sí amach é. Nuair a thainic an figheadóir na bhaile d'innis sí dó caidé a rinn sí. Chuaidh sé a gháiridhe agus dubhairt go rabh sé ag imtheacht go bhfeicfeadh sé an rabh bean ar bith comh h-amaideach léithe.
D;imthigh sé ach chá dteachaidh sé i bhfad go bhfacaidh sé beirt bhan agus gasúr agus dréimire acu. Bhí an bhó ag na dtaoibh agus iad ag iarraidh an bhó...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Nuala Ní Dhomhnaill
Inscne
baineann
Aois
79
Seoladh
Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge