School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 34

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 34

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 34
  3. XML “Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhaile as tí i bhfad ar shiubhal agus bhí na mílte munnt leis. Cheannuigh sé an teach,an talaimh agus eallach do'n stóchach arais. Chuaidh an stóchach agus a bhean a chomhnuidhe ann.
    Lá amháin chuaidh sé go baile cuain agus casadh captaoin soithigh air. Nuair a bhí sé tamall ag cainnt leis an chaptaoin thoisigh siad a chainnt ar ghealltaí. Dubhairt an captaoin leis go mbuailfeadh sé an soitheach leis go dtiocfadh leis a bhean a mhealladh uaidh. Dubhairt an stócach go mbuailfeadh sé céad punnta leis nach meallfadh. Cuireadh na gealltaí agus d'iarr an capaoin ar an stóchach an bád a choimhead go dtiocfadh seisean arais.
    D'imthigh sé leis go teach an stócaidh. Bhí seanbhean agus a ingin ar fastódh ag ingean ar ríogh. Labhair an captaoin leis an tseanmhnaoi agus d'innnis sé díthe fá na gealltaí. Dubhairt an tseanbhean go rabh a ingean féin na luighe ag ingean an ríogh agus má bhí marc ar bith ar an chailín óg go mbéadh fhios ag a ingin-se é fuair an captaoin lóistín ins an teach an oidhche sin.
    Ar maidin lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an tseanbhean agus a ingean thainic siad fhad leis an captaoin agus d'fhiafruigh seisean dóbhtha an dtiocfadh leo eolas ar bith a thabhairt dó. Dubhairt an cailín go rabh pictúir luchóige ar bhrollach ingean an ríogh agus gur dubhairt sí go dtabharfadha fear póg do'n phictúir achan oidhche ar eagla go dílfeadh sí go rabh sé ag tabhairt fuatha díthe. Dubhairt an captaoin go ndéanfadh sin gnaithe agus d'imthigh sé leis go dtí an soitheach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    AT0890: A Pound of Flesh
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Other names
    Micheal Ó Baoighill
    Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall