Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 33

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ingean an Ríogh
14adh lá Márta 1938

Bhí ann fad ó shoin agus bhí beirt ingeanach aige. Bhí bean acu míofur agus bhí an bhean eile dóigheamhail. Bhí sé go h-iongantach maith do'n bhean a bhí dóigheamhail agus dubhairt sé nach bhfuigheadh fear ar bith le pósadh í ach an fear a bhéarfadh a trom féin d'ór uirthi.
Chualaidh stócach a bhí na chomhnuidhe fá chupla míle daobhtha caidé mar bhí. Dhíol sé iomlán a chuid maoin saoghalta, an teach agus an talamh. Chuaidh sé chuig cléireach bainnc a bhí na chomhnuidhe fá ghiota daobhtha agus d'iarr sé air ór a thabhairt dó ar an airgead. Fuair ach bhí sé sé phunnta gann sa mheadhchon. Bhí sé iongantach buadhartha agus d'innis sé do'n chléireach caidé an gnaithe a bhí aige leis an ór. Dubhairt an cléireach go dtabharfadh sé sé punnta óir dó go cionn bliadhna agus mar mbéadh sé ábalta an t-ór a dhíol i gcionn na bliadhna go gcaithfeadh sé sé phunnta feola a ghearradh as a dhá thaoibh. Rinn siad an margadh agus d'imthigh an stóchach leis go teach an ríogh.
Nuair a chuaidh sé go teach an ríogh d'fhiafruigh sé de'n rígh an bhfuigheadh sé an ingean le pósadh. Dubhairt an rí go rabh eagla air nach rabh sé saidhbhir go leor. Tugadh isteach é agus fuarthas béim. Cuireadh an cailín ar thaoibh amháin de'n bhéim agus cuireadh an t-ór ar an taobh eile. Bhí an t-ór comh trom leis an cailin agus fuair sé an cailín le pósadh.
D'imthigh sé agus fuair sé teach díthe ins an bhaile mhór a ba deise dóbhtha. Thainic a uncail na...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Micheal Ó Baoighill, ainm áitiúil Micheal (Seán) Ó Baoighill
Inscne
fireann
Aois
43
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge