Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 26

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ghadhair, ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisce. Nigh an t-uisce an chloch. Líomhthaigh an chloch an tuagh agus ghearr an tuagh an tslat. Nuair a bhí an t-slat gearrtha bhí Murchadh Beag na mílte ar shiubhal.

Prionnsias Mac Pháidín
Aois 41 bliadhain
Rann na Feirsde
Feirmeóir

Bhí sean fidleóir fá seo fad ó shoin darbh' ainm Feidhlimidh na Fidle. Ní raibh áit comhnuidhe ar bith aige ach oidhche thall agus i bhfus in gach áit. Áit ar bith a mbéadh bainfhéis ná baisteadg bhí Feidhlimidh cinnte a bheith ann, é féin agus a fhideal. Bhí sé ag baint faoi Geimhreadh amháin thuas ag taobh na nGleanntach agus thárlaigh gur pósadh lánamhain as an bhaile ag na thaoibh. Cuireadh sgéala fá choinne Feidhlimidh le seinm ag an chuirm. Ba é an gnás a bhí ann an uair sin nuair a rachadh fear chuig mnaoi bhéadh damhsa ann oidhche na dála agus oidhche na bainse. Nuair a bhí Feidhlimidh ag gabhail na bhaile ar maidin indiaidh na bainse cé casadh air ach an sagart Mac Gloinn. Chuir sé cesit ar Fheidhlimish caidé a t-airgead a fuair sé ar son an dá oidhche. "Innseochaidh mé sin duit" deir Feidhlimidh, "trí phunnta agus dhá scilling déag". Fear...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Niall Ó Domhnaill
Inscne
fireann
Aois
82
Seoladh
Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge