Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 26

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 26

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 26
  3. XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
  4. XML “Feidhlimidh na Fidle agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ghadhair, ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisce. Nigh an t-uisce an chloch. Líomhthaigh an chloch an tuagh agus ghearr an tuagh an tslat. Nuair a bhí an t-slat gearrtha bhí Murchadh Beag na mílte ar shiubhal.
    Prionnsias Mac Pháidín
    Aois 41 bliadhain
    Rann na Feirsde
    Feirmeóir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sean fidleóir fá seo fad ó shoin darbh' ainm Feidhlimidh na Fidle. Ní raibh áit comhnuidhe ar bith aige ach oidhche thall agus i bhfus in gach áit. Áit ar bith a mbéadh bainfhéis ná baisteadg bhí Feidhlimidh cinnte a bheith ann, é féin agus a fhideal. Bhí sé ag baint faoi Geimhreadh amháin thuas ag taobh na nGleanntach agus thárlaigh gur pósadh lánamhain as an bhaile ag na thaoibh. Cuireadh sgéala fá choinne Feidhlimidh le seinm ag an chuirm. Ba é an gnás a bhí ann an uair sin nuair a rachadh fear chuig mnaoi bhéadh damhsa ann oidhche na dála agus oidhche na bainse. Nuair a bhí Feidhlimidh ag gabhail na bhaile ar maidin indiaidh na bainse cé casadh air ach an sagart Mac Gloinn. Chuir sé cesit ar Fheidhlimish caidé a t-airgead a fuair sé ar son an dá oidhche. "Innseochaidh mé sin duit" deir Feidhlimidh, "trí phunnta agus dhá scilling déag". Fear...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall