Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 24

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 24

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 24
  3. XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an fiadh "go bhfaghaidh tú gadhar a ruaigfeas mé". D'imthigh sé chuig an gadhar. "Cá bhfuil tú ag rgabhail?" ars an gadhar. "Gadhar a ruaigfeadg fiadh, fiadh a shnámhfad uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an gadhar "go bhfuighidh tú im a chuirfeas mé in mo chrúba". D'imthigh sé chuig an im. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an t-im. "Im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruiagfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an t-im "go bhfuighidh tú cat a lighfeas mé". D'imthigh sé chuig an chat. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an cat. "Cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". X "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an cat "go bhfuighidh tú bainne ó bhó domh". D'imthigh sé chuig an bhó. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an bhó. "Bainne do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall