Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 21
- XML “Bean an Fhir Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór aige. Níl fhios agam cé acu feabhas a chuid táilliúrachta ná deiseacht na h-óig mná a bhí a dtarraingt fá'n áit ach cibé sin bhí an táilliúr óg ag fagháil níos mó na a sháith le déanamh. Chuir sé amach fuagra ag iarraidh tuilleadh cuididh. Níor fhada go dtainic sin chuige agus beirt de bhuachaillí cruaidhe gasta a rabh lámh ar an obair acu, buachaill acu ruadh agus an fear eile bán. Bhí an bheirt go dlisteanach? do chéile le beirt dearbhbhracha tamall a chead uair ach níor fhada gur thuit an bheirt i ngrádh leis an óig-mhnaoi agus ar ndóighe ba leor sin leis an carthannas a bhriseadh eatorra. Ba mhaith le achan fear acu smaoiteadh goidé an dóigh a bhfearr leis an fear eile a chur ar shiubhal. Duine soineanta gar choir a bhí san fhear bhán ach bhí a milleadh sin ag an fhear Ruadh. Duine bradach bitheamhanta a bhí ann. Oidhche amháin bhí siad na suidhe thart ag táilliúracht. Nuair a thainic an stad, d'oibir an fear ruadh leis go h-am luighe. Chuaidh an chuid eile de bunadh an toighe a luighe ach d'oibir an fear ruadh leis. Nuair a fuair sé uilig na gcodladh iad thug sé leis duisín de sciana airgid a bhí ag an tsean-bhean agus chuir sé isteach i mála an fir bháin iad. Chuaidh sé i lugihe annsin nuair a bhí an t-olc déanta aige. Níor bhfada gur chothnuigh bean a toige na sciana ach níor leig sí dadaidh uirthi. Chuartaigh sí ceithre coirneal an toighe ach ní rabh fagháil ortha. Thug sí...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Grianna
- Ainmneacha eile
- Micheal Mac Grianna
- Micheal (Seáinín) Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall