Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 20

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

amharc faoi na shúil uirthi. Bhí an chuid a b'fhearr de na laehe caithte ag Fionn ach mar sin féin dúil sa ghrádh ag Fionn ar fad. D'éirigh sé trom trasna an toighe agus shuidhe sé ag na taoibh agus chuir ceileabhar suirighthe uirri. Tharraing sí a lámh agus bhuail sí ar fhad a leicinn é. "Bí ar shiubhal" ar sise "nuair a bhí mise agat níor shíl tú mórán domh". "Ní cuimhneach liom" arsa Fionn agus shuidhe sé a coimhéad leis an tseanduine. An miste domh a fhiafruigh duit ar seisean "cé h-í an cailín óg a deir gur casadh ormsa roimhe í". "Nach n-aithnigheann tú í?"arsa an seanduine. "Ní aithnighim" arsa Fionn "tá eagla orm go bhfuil sibh ag magadh orm". "Ní magadh ar bith é" arsa an seanduine, "an rabh tú ariamh ann. Is mé fhéin a bhí arsa Fionn.Ar mbeannacht leis an óige ba dheas í fhad as mhair sí.

Micheal Mac Grianna (Seainín)
Rann na Feirsde
Aois 80 bliadhain

Bhí tailliúr na chomhnuidhe sa bhaile seo, é féin agus a bhean. Ní rabh de thoil theaghlach acu ach nighean. Ní rabh cailín ar bith ins an áit a bhí comh dóigheamhail leithe. Bhí buachaillí óga na tíre ag teacht as gach cearn ag fagháil éadhaigh déanta ag an tailliúr seo. Bhí sé na thailliúr maith agus ...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Micheal Mac Grianna, Micheal (Seáinín) Mac Grianna
Inscne
fireann
Aois
80
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge