Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cearrbhach an Chábháin
------------------

Bhí bean agus fear ann fad ó shoin agus bhí teaghlach mór acu. Bhí siad beo bocht. Nuair a chuireadh siad an bárr ins an Earrach ní bhíodh a dhath acu ar a shon ins an Fhoghmhar. Cearrbhach an Chábháin a b'ainm do'n fhear. Rugadh gasúr beag dóbhtha uair agus d'imthigh fear a a'toighe go teach an phobail leis le na fhagháil baistighthe. Casadh fear air agus dubhairt sé go mbaisteóchadh seisean an leanbh. Dubhairt sé gur eisean Dia.
"Bhál" ars' an fear, "má's tú Dia ní bhfuighidh tú mo leanbh le baisteadh ná nuair a chuirim bárr ins an Earrach ní bhíonn a dhath agam ar a shon".
"Beidh neart báirr agat na dhiaidh seo" arsa Dia "agus tá trí athchuinge le fagháil agat".
D'iarr an Cearrbhach na h-athchuingí. An cead ceann; a bheith ábalta gach duine a léigheas. An darna ceann é bheith ar an duine a b'fhearr ar an domhan ag imirt chártaí. An tríomhadh ceann duine ar bith a rachadh chomhair an chriann ubhall a bhí aige a lámh greamughadh do'n chrann agus é bheith annsin go leigfeadh seisean saor é. Bhí Cearrbhach an Chábháin ar shiubhal leis a g léigheas daoine. Oidhche amháin casadh an bás air agus dubhairt an bás leis, "caithfidh tú gan an dara duine a léigheas go rabh mise mo shuidhe ag na chosa". Ó sin amach ní thiocfadh leis duine ar bith a léighead mar mbéadh an bád na shuidhe ag cosa an té a bhí sé ag léigheas.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Sorcha Mhór Ní Gallchobhair
Inscne
baineann
Aois
90
Seoladh
Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge