Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Seanchainteanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    27.Má bhíonn an lá a phóstar lánamhain fliuch beidh an deor ar an tsúil acu choidhche.
    28.Tá leigheas salachair béil ag gach athair a chuirfeadh trí shéideog isteach i mbéal leinbh, a mbeidh salachar béill air ar maidin ach caithfidh sé a bheith 'na throscadh.
    29. Má bhíonn seachtar mac indiaidh a chéile bíónn leigheas chait bhraghaide ag an seachtmhadh mac.
    30.Má chaitear naoi ngráinne de chineál ar bith indiaidh tórraimh beidh leigheas sleamhnáin ag an té a dhéanfas é.
    31.Dá mbeadh fear mná amuigh i mbád ar an fhairrge agus an fhairrge a bheith garbh agus an bhean imnidheach seo an rud a dhéanfaidh sí. Beirfeadh sí léithe duine ar bith a bheadh istigh, chuirfeadh sí dallóg air,bheirfeadh sí léithe 'na fairrge é, thabharfadh air bolgam sáile a thógáil ina bhéal agus é a iomchar 'un toighe ina bhéal agus ansin é a chaitheamh ar chúl na teineadh. Deirtear go socróchadh an fhairrge ina dhiaidh sin.
    32.Má bhíonn an t-athair agus an mháthair den shloinneadh chéadna beidh leigheas an 'ruaidhe' ag duine ar bith de'n teaghlach.
    33. Nuair a ghnidheas slat a' pota trup
    (crack) sin comhartha go bhfuil stroinnsiar ag teacht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge